An síneadh fada

Cuireann "síneadh fada" in iúl go bhfuil fad á chur ar ghuta. Taispeánann sé go bhfuil an guta sin fada seachas gearr.

Is féidir leis an difríocht seo difear brí a chur in iúl.

  • Samplaí d’fhocail a bhfuil guta gearr iontu: fear agus cas
  • Samplaí d’fhocail a bhfuil guta fada iontu: féar agus cás


Is é an t-aon difríocht idir na péirí focal seo ná an síneadh fada a bheith ar an nguta nó gan síneadh fada a bheith air. Is difríocht thábhachtach í seo, mar gur féidir leis difríocht brí a chur in iúl.

"Sínte fada" an uimhir iolra.

 

 

 

 

 

 


Leave a comment

Please note, comments must be approved before they are published