:: Gramadóir Gaeilge

VIEW THIS PAGE IN ENGLISH              


Baile 
Eolas
Ordú 
Tacaíocht
Teagmháil

English
















Ceart arna chruthú ag Cruinneog agus Kevin Scannell. Red Productions a dhear an suíomh idirlín.  

(c) Cruinneog agus Kevin Scannell 2004- 2005








 


Eolas ar an mBogearra


Is pacáiste bogearraí saorsheasaimh, cumhachtach é Ceart a chabhraíonn le daoine gramadach agus litriú na Gaeilge a cheartú. Tá an tseiceáil chuimsitheach ghramadaí (ar shéimhiú nó ar urú ag tús ainmfhocail, mar shampla) bunaithe ar an inneall gramadaí "An Gramadóir." Is iad Cruinneog, an comhlacht seirbhísí teicneolaíocha Éireannach, agus Kevin Scannell a d'fhorbair é agus tá sé dírithe go príomha ar an líon mór aistritheoirí a bhíonn ag plé leis an nGaeilge - líon atá ag fás de shíor. Is áis shofaisticiúil é an pacáiste chomh maith do mhicléinn, d'fhoghlaimeoirí, agus do lucht gairme. Tá bailiúchán de fhrásaí a úsáidtear go coitianta lárnach don phacáiste agus cuireann sé seo ar chumas an úsáideora téacsanna a chaighdeánú go tapaidh. Cuireann na gnéithe gramadaí agus litrithe le leibhéal na táirgíochta trí fhocail agus fhrásaí a mbeadh amhras fúthu a aibhsiú go tapaidh.



Agus an tréimhse phíolótach curtha i gcrích go lánsásúil, tá an bogearra anois ar fáil ar an ardán Apple Mac Os X agus tá leagan Windows á fhorbairt faoi láthair. B'é sainsprioc an tionscnaimh ná go mbeadh sé furasta Ceart a úsáid. Tá an comhéadan deartha ag Cruinneog sa tslí is gur féidir téacs ó fheidhmchlár ar bith 'a chóipeáil agus a ghreamú isteach' i bhfuinneog de chuid Ceart. Déantar seicéail gramadaí agus litrithe ansin, ag baint úsáide as inneall cumhachtach gramadaí a d'fhorbair Kevin Scannell. Aithníonn an leagan is déanaí den inneall seo 360,000 focal agus 1,500 riail gramadaí. Cinntíonn an cur chuige saorsheasaimh seo go n-oibreoidh Ceart taobh le réimse leathan pacáistí bogearraí - idir Microsoft Office agus cláracha ríomhphoist. 

Aithníonn an t-inneall gramadaí sleachta a bhfuil an chuma orthu go bhfuil botúin iontu agus cuireann sraith fuinneog eolais é sin ar shúile an úsáideora. Déantar na frásaí agus na focail a bhfuil amhras fúthu a aibhsiú agus baintear feidhm as teachtaireacht ghairid chun cur síos achomair a dhéanamh ar an bhfadhb.


Cliceáil anseo chun clárú le Ceart.